← "Á anois, muna bhféadfaidh fear suí cois tine agus páipéar a léamh tar éis a lá oibre." 🔊✎
← Sin é a dúrtsa léi leis." 🔊✎
← An rud bocht, tá sí pósta le dhá bhliain, agus 'bhreá léi leanbh, ach an t-árasán atá acu ní lomhálfaidh an t-úinéir aon leanbh ann agus táid araon ag obair chun airgead tí a sholáthar mar anois tá leanbh chucu agus caithfidh siad a bheith amuigh as an árasán, agus níor mhaith leat go gcaillfeadh sí a post, ar mhaith? 🔊
← D'fhreagraíos a cuid ceisteanna, a dúrt leat, sin rud eile ar fad." 🔊
← "Ní cuimhin liom anois cad a dheinis, ach dheinis rud éigin an mhaidean san a chuir an gomh orm, nó b'fhéidir gurb é an oíche roimh ré féin é, n'fheadar. 🔊✎
← Ní déarfainn gur é a cúram é, ní mhór dóibh síceolaí a bheith acu i mbun na jaib mar sin. 🔊✎
← D'fhéadfaidís a rá go raibh tí ceathrúna de mhná na tíre sásta sona, ná féadfaidís, ach féach a ndúradar Ach sé a gcúramsan an páipéar a dhíol, agus ní haon nath le héinne an té atá sona, sásta. 🔊
← Aon ní amháin a cheapas féin a bhí bunoscionn leis an tsuirbhé, ná raibh a dóthain ceisteanna aici. 🔊✎
← Tá gá le bean chun leanaí a chur ar an saol agus iad a thógaint, agus nuair a bhíd tógtha agus bailithe leo, tá gá léi fós chun bheith ag tindeáil ar an bhfear. 🔊
← Sa tseansaol, cuirtí i gcathaoir súgáin sa chúinne í ag riar seanchaíochta agus seanleigheasanna, má bhí sí mór leis an mbean mhic, nó ag bruíon is ag achrann léi muna raibh, ach bhí a háit aici sa chomhluadar. 🔊✎
← B'fhéidir gur ag insint éithigh dom a bhí sí chun go mbeadh trua agam di, agus go bhfreagróinn a cuid ceisteanna. 🔊✎
← Agus chaitheas mo mhaidean léi agus bhí oiread le déanamh agam an mhaidean chéanna; níochán is gach aon ní ach shuíos síos ag freagairt ceisteanna di agus ag tabhairt caife di, agus gan aon fhocal den bhfírinne ag teacht as a béal! 🔊